CÚLRA
Forbraíodh an tionscadal seo ó na riachtanais chomhlántacha a léirigh na spriocghrúpaí, an fhoireann agus páirtithe comhordaithe an tionscadail trí líonraí náisiúnta agus Eorpacha agus trí obair atá déanta agus gaolta le téama an tionscadail:
- Inaistritheacht inniúlachta agus taithí bainisteoirí sinsearacha (45 bliain d'aois agus níos sine) agus cinn fiontar ar mian leo a bheith ag obair in earnáil an Chomhairliúcháin Bhainistíochta, le linn dóibh a bheith ag déileáil le dúshlán dáiríre gairme nó príomh-inniúlachtaí a aithint atá riachtanach a bheith ag obair mar chomhairleach, agus an oiliúint atá riachtanach leis an gceann is fearr a fháil ar chonstaicí soghluaisteachta. Tá aitheantas tugtha ag cumainn ghairmiúla san earnáil don chás seo, mar aon le gníomhaireachtaí náisiúnta agus áitiúla atá ag tacú le gnólachtaí atá ag tosú amach, mar aon le heagraíochtaí a bhfuil baint acu le forbairt leanúnach ghairme. Dearbhú ar na saincheisteanna seo iad na staitisticí atá ag eagraíochtaí a bhfuil baint acu le hinniúlachtaí ó thaithí a bhailíochtú (cé go bhfuil éagsúlacht shuntasach le sonrú sa leibhéal faisnéise idir tíortha éagsúla).
- I measc na riachtanas a léirigh gnólachtaí Comhairliúcháin Bhainistíochta agus a gcomhoibrithe (cumainn agus líonraí gairmiúla san earnáil chomhairliúcháin) bhí:
- inniúlachtaí agus cáilíochtaí oiriúnaithe do shainriachtanais na hearnála Comhairliúcháin Bhainistíochta;
- cur leis an leibhéal gairmiúlachta i measc comhairleach;
- léargas níos fearr a fhorbairt ar cháilíochtaí san earnáil a sholáthar.
- Ní mór an tríú gné a chur leis seo, bunaithe ar chomhpháirtithe sóisialta san earnáil agus gné a bheidh ag fáil tacaíochta ó straitéisí náisiúnta agus Eorpacha d'fhoghlaim ar feadh an tsaoil, d’fhonn cur le ról an phlé shóisialta i gceisteanna a bhaineann le hoiliúint ghairme.
Tagann na cuspóirí seo leis na cuspóirí atá luaite i bPróiseas Chóbanhávan, ar tacaíodh leo ag Cruinniú Mullaigh Maastricht i mí na Nollag 2004, mar aon le boinn na dara céime de chlár Leonardo da Vinci, go háirithe na gnéithe sin a bhaineann le cur chuige earnála agus ról an phlé shóisialta san oiliúint ghairme, gnéithe atá comhoiriúnach le forbairt Chreat Cáilíochta na hEorpa. Táthar ag súil go gcruthóidh úsáid na dtorthaí seo catalóg inaistrithe cáilíochtaí. Lena chois sin, déileálann an tionscadal seo le tosaíocht théamach thrédhearcach cáilíochtaí sa ghlaoch a rinneadh ar thograí in 2005. Go bunúsach, is éard atá san earnáil Chomhairliúcháin Bhainistíochta, earnáil atá de shíor ag forbairt. Ag brath ar an tír atá i gceist, sainréigiúin agus sainfhearainn na gcomhairleach, is féidir go mbeadh an cleachtas go hiomlán difriúil.
San am céanna, díríonn ionadaíochtaí sóisialta agus gairmiúla na gairme comhairliúcháin ar smaoineamh a chuirtear in iúl, a bheag nó a mhór, i dtéarmaí na bpróifílí agus cáilíochtaí inniúlachta a theastaíonn. Is ionann gníomhú ar son trédhearcacht cáilíochtaí san earnáil Chomhairliúcháin Bhainistíochta, i gcreat an tionscadail, agus sainmhíniú a thabhairt roimh ré ar an gcomhaontú is fearr agus is féidir bunaithe ar shainmhíniú cineálach ar obair an chomhairligh. Dá dheasca seo, comhlíonann rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta, taighdeoirí acadúla agus ionad oiliúna don earnáil Chomhairliúcháin Bhainistíochta, an ról a bhaineann le constaicí a sharú d'fhonn trédhearcacht cáilíochtaí a bhaint amach go saor le páirtithe leasmhara san earnáil, agus forbairt leanúnach a dhéanamh san earnáil chomhairliúchain agus sna príomh-mhargaí cliant. Is é seo atá mar phríomhthosaíocht againn dár dtionscadal, ós rud é gur coinníoll bunúsach é a bheith in ann táirgí oiriúnaithe oiliúna a mholadh do spriocghrúpaí gan achrann a chruthú sa chéim úsáide agus scaipthe, bunaithe ar an bpointe go bhfuil na húsáideoirí deiridh in amhras maidir le torthaí an tionscadail.